Ar Siúl an tSeachtain Seo: The Anam Sessions

Ar Siúl an tSeachtain Seo: The Anam Sessions

September 28, 2026

Beidh an chéad eipeasóid eile de Other Voices: The Anam Sessions ar siúl Déardaoin ar 11pm ar RTÉ2 agus ar fud an domhain ar RTÉ Player.

‍

Is in Áras an Uachtaráin a bheimid le haghaidh chlár deireanach na sraithe The Anam Sessions, mar a bhfuil cónaí oifigiúil ar Uachtarán na hÉireann i bPáirc an Fhionnuisce i mBaile Átha Cliath, chun teacht le chéile le haghaidh ceoil, cultúir agus comhrá.

In eipeasóid na seachtaine seo, tugtar le chéile seachtar ealaíontóirí ar fud thírdhreach ceoil saibhir na hÉireann: Aibhse, CUAS, Dairena Ní Chinnéide, Damien Dempsey, Huartan, Pauline Scanlon agus Ruth McGinley. San fhoirgneamh iomráiteach álainn, Áras an Uachtaráin, seinntear ceol traidisiúnta agus nua-aimseartha na hÉireann araon, agus tugtar le chéile glúnta agus fuaimeanna éagsúla mar aon le cineálacha éagsúla cur chuige i leith oidhreacht cheoil na hÉireann.

San eipeasóid freisin tá comhrá speisialta as Gaeilge idir láithreoir The Anam Sessions Cóilí Collins / Shampain agus an tUachtarán Catherine Connolly ina bpléann siad tábhacht na n-ealaíon agus an chultúir i saol na hÉireann. Déanann an tUachtarán Connolly a machnamh ar chumhacht na n-ealaíon daoine a thabhairt le chéile, tuiscint ar a bhféiniúlacht a thabhairt dóibh, agus iad a spreagadh chun a nguth féin a aimsiú agus a úsáid. Déantar staidéar sa chomhrá ar ról na cruthaitheachta i sochaí na hÉireann agus an tábhacht a bhaineann lena chinntiú go bhfaigheann gach aon duine an deis iad féin a chur in iúl trí na healaíona.

Is iad MayKay agus Cóilí Collins/Shampain láithreoirí an chláir The Anam Sessions ina dtugtar ceol nua-aimseartha agus ceol traidisiúnta na hÉireann isteach i roinnt de na suíomhanna oidhreachta is suntasaí sa tír, rud a fhágann go gcruthaítear spás iontu do na healaíontóirí agus don lucht féachana ceangal leis na háiteanna, na scéalta agus na traidisiúin a bhfuil a lorg fágtha acu ar chultúr na hÉireann.

‍

Aibhse

Is comharghrúpa amhránaíochta ar an sean-nós agus grúpa ceoil thraidisiúnta é Aibhse. Is í an t-amhránaí cáiliúil, an t-acadóir, agus Amhránaí na Bliana (TG4 Singer of the Year) an Dochtúir Síle Denvir a bhunaigh an tionscadal mar thionscadal taighde ealaíne, a dhéanann amhránaíocht ar an sean-nós agus an comhcheol casta a iniúchadh ar bhealach cruthaitheach.

Cuas le Rich Gilligan

CUAS

Is grúpa de cheathrar é CUAS a bunaíodh in 2023 chun traidisiúin cheoil bhríomhara Iarthar Chiarraí a cheiliúradh. Is iad Méabh Ní Bheaglaoich, Nicole Ní Dhubhshláine, Niamh Varian-Barry agus Kyle Macaulay atá sa ghrúpa. Baineann siad leas as amhráin chorraitheacha an réigiúin agus traidisiúin rince dhinimiciúla chun beocht a chur in amhráin Iarthar Chiarraí, sna píosaí a chum siad iad féin, agus i gcineálacha éagsúla polca agus sleamhnán. De bharr an chéad albaim uathu, dar teideal CUAS, a taifeadadh i Seanscoil a’ Chuasa agus a eisíodh in 2024, ainmníodh iad le haghaidh Best Emerging Artist agus Best Folk Group ag Gradaim Ceoil Tíre RTÉ 2025 (RTÉ Folk Awards). Ó shin i leith, tá siad ag seinm ag féilte agus in ionaid ar fud na hÉireann, amhail Tradfest, Other Voices agus sa Cheoláras Náisiúnta (NCH).

‍

Dairena Ní Chinnéide

Is file dátheangach í Dairena Ní Chinnéide. An cnuasach is déanaí den dá chnuasach déag dá bhfuil foilsithe aici ná Teacht Aniar, Meascra Dánta 2004 – 2024, agus ba é Tairseach (2021) an ceann roimhe sin. Ba é Salmon Poetry (2019) a céad chnuasach i mBéarla. Bronnadh neart gradam uirthi as a cuid scríbhneoireachta, amhail Sparánachtaí Litríochta na Gaeilge ón gComhairle Ealaíon agus ó Ealaín na Gaeltachta, mar aon le Patrick and Katherine Kavanagh Fellowship. Roimhe seo, bhí Dairena ag obair mar chraoltóir, iriseoir, léiritheoir teilifíse agus ateangaire.

Damien Dempsey le Rich Gilligan

Damien Dempsey

Tá Damien Dempsey ar dhuine de na hamhránaithe agus cumadóirí amhrán is sainiúla in Éirinn, a bhfuil clú air as a ghlór cumhachtach, a stíl chumadóireachta thar a bheith pearsanta, agus an cumas sainiúil atá aige ceol traidisiúnta na hÉireann a nascadh le soul, ceol tíre agus an nua-aimsearthacht. Thosaigh sé ag scríobh amhrán nuair a bhí sé ina dhéagóir agus ba nós leis an giotár a sheinm agus amhráin a chanadh ina sheomra. Tháinig amhrán a chum sé dar teideal Cardboard City sa dara háit i gcomórtas amhránaíochta de chuid 2FM. Chuaigh Dempsey agus a bheirt deartháireacha níos sine san iomaíocht mar dhornálaithe amaitéaracha do Bhaile Átha Cliath sular éirigh sé as an spórt chun staidéar a dhéanamh ar thaibhiú agus bainistiú ceoil i gColáiste Breisoideachais Bhaile Formaid. Agus breis agus fiche bliain caite aige mar cheoltóir, tá iniúchadh déanta ina chuid amhrán ar an teaghlach, an grá, an fhéiniúlacht, an pobal agus saol an lucht oibre, agus ionracas mothúchánach nach féidir a cheilt le brath orthu. Mar a dúirt Dempsey é féin: “I want my music to give kids a bit of hope and strength, and they'd know that I was telling the truth and I wouldn't lie to them.”

Huartan le Rich Gilligan

‍

Huartan

Bunaíodh Huartan in 2023 sa Cheathrú Ghaeltachta in Iarthar Bhéal Feirste, agus déanann siad ceol traidisiúnta na hÉireann agus leictreonaice a chumasc ar bhealach uathúil, agus iad ag athshamhlú amhráin na Gaeilge atá ag dul i léig le haghaidh luchtanna féachana nua-aimseartha. Mar aon leis an triúr amhránaithe/ceoltóirí sa ghrúpa, Catriona Ní Ghribín, Múlú agus Stiofán Ó Luachráin, bíonn damhsóirí ar an stáitse leo a chaitheann mascanna ar a n-aghaidh agus ar léiriú iad ar na sióga. Is a bhuí lena bhfuaim uathúil agus a seónna beo spleodracha a bronnadh an gradam BBC Introducing NI Artist of the Year orthu in 2025, NI Music Prize Live Act of the Year in 2024 mar aon leis an mbua sa chéad chomórtas Amhrán na Laoch ag Hot Press. Sa chéad albam uathu dar teideal Huartan, tugtar le chéile amhráin thraidisiúnta na Gaeilge le ceol a ndearna Hot Press an tuairisc seo a leanas air: “urgent, pulsating electronica.”

Pauline Scanlon le Rich Gilliagan

Pauline Scanlon

Tá Pauline Scanlon ar dhuine de na hamhránaithe is sainiúla in Éirinn, agus tá soiléireacht ar leith ag baint lena guth a bhfuil cothromaíocht idir láidreacht agus séimhe le cloisteáil ann. Is as Iarthar Chiarraí di ó dhúchas, agus tá a cuid ceoil fréamhaithe go domhain i nósanna traidisiúnta na hamhránaíochta ach éiríonn léi ag an am céanna réimse ceoil atá leathan agus éagsúil a chleachtadh. Tá albaim aonair mór le rá eisithe aici, lena n-áirítear Red Colour Sun, Hush agus Gossamer, agus tá sí i ndiaidh casadh ar ardáin idirnáisiúnta mar chuid de Lumiere le hÉilís Kennedy, ar nós an Barbican agus Carnegie Hall. Roinneann sí a cuid scileanna ceoil go flúirseach, agus go dtí seo d’oibrigh Scanlon le healaíontóirí eile amhail Damien Dempsey, Sinéad O’Connor agus John Spillane. Leanann sí dá cuid ceoil a mhúnlú lena tiomantas domhain don amhránaíocht, don teanga agus don taithí saoil.

Ruth McGinley le Rich Gilligan

Ruth McGinley

Rugadh Ruth McGinley i nDoire agus tá sí ar dhuine de na pianódóirí is clúití dá bhfuil ann in Éirinn, agus ghnóthaigh sí aitheantas forleathan nuair a bhuaigh sí an babhta ceannais le haghaidh an phianó de BBC Young Musician of the Year agus í ina déagóir. Ó shin, sheinn sí mar cheoltóir aonair le ceolfhoirne éagsúla, lena n-áirítear BBC Philharmonic, National Symphony Orchestra, RTÉ Concert Orchestra agus Ulster Orchestra, agus sheinn sí ag na BBC Proms agus in Southbank Centre i Londain. Ní le ceol clasaiceach amháin a bhaineann sí áfach, agus i measc a gcomhshaothar, tá snagcheol, ceol tíre, ceol leictreonach agus ceol do scannáin. San albam is déanaí uaithi, Aura, déanann sí foinn thraidisiúnta na hÉireann a athshamhlú leis an gceoltóir agus cumadóir Neil Martin ó Bhéal Feirste. Is í McGinley an tEalaíontóir Cónaithe in MAC i mBéal Feirste faoi láthair.

Féach ar Eipeasóid 4 Déardaoin, an 1 Deireadh Fómhair, ar 11pm ar RTÉ2 nó breith suas leis cibé áit a bhfuil tú ar domhan le RTÉ Player.

Breith suas leis na heipeasóidí roimhe seo anois ar RTÉ Player, chun teacht ar cheol ó Joshua Burnside, Cliffords, Mick O’Brien & Caoimhín Ó Raghallaigh, Girl in the Year Above, Ellie O’Neill, Kean Kavanagh, Sárán Mulligan & Muirine Nic Róibín, SOAK, Aby Coulibaly, Aoife Ní Bhriain & Cormac McCarthy, Curtisy agus Jacob Alon.

Is é Other Voices a dhéanann The Anam Sessions a léiriú i gcomhpháirtíocht le hOifig na nOibreacha Poiblí.

‍

Share!