Idir Eatarthu 2021

Event date
November 27, 2021
-
Location

Performers

No items found.

Event Details

Tá lúchair orainn filleadh ar ais go dtí an Daingean in éineacht le Other Voices, chun comhdháil Ireland's Edge - Altered States / Idir Eatarthu a chur i láthair beo agus ar líne.

Cuireann na focail seo ‘Altered States / Idir Eatarthu’ i gcuimhne dúinn gur iomaí bealach inár féidir linn, mar phobal, bheith ag breathnú ar an saol inmheánach agus seachtrach, fiú amháin nuair atá an saol iomlán in achrann agus ag coraíocht leis an drochbhail atá ar an domhan agus ar an timpeallacht atá thart orainn. 

Beidh Ireland’s Edge ag cur na rudaí faoi phlé agus faoi scrúdú, agus ag déanamh tagairt d’ábhair eile atá ag imirt tionchair an-láidir ar ár saol agus ar an sochaí domhanda – mar shampla, bréagaisnéis, cosaint priobháideachta, an ghéarchéim tithíochta, féiniúlacht chultúrtha, áit agus timpeallacht, agus a lán eile. I measc na n-aíonna oirirce a bheidh linn chun na ceisteanna casta seo a phlé, beidh ealaíontóirí, tráchtairí, smaointeoirí, agus lucht déanta beartas.

Aíonna: Line up: Séamas O'Reilly, scríbhneoir agus iriseoir, / John Mulholland, Eagarthóir The Guardian US / Áine Kerr, Príomhoifigeach Oibriucháin agus bunaitheoir, Kinzen / Orla Hegarty, Ollamh Cúnta, Scoil na hAiltireachta, na Pleanála, agus an Pholasaí Chomhshaoil, UCD / Kerri Ní Dochartaigh, scríbhneoir  / Rob Curley, Ailtire, tráchtaire ar chúrsaí pleanála agus tithíochta, / Roberta Murphy, Imperial Centre for Psychedelic Research / David Kenny, Ollamh Cúnta, Scoil an Dlí, TCD / Brian MacCraith, Cathaoirleach ar an Tascfhórsa um Vacsaíniú in aghaidh COVID-19 agus ar an gCoimisiún um Thodhchaí na Meán, / Farah Elle, Amhránaí-scríbhneoir / Dr Rory Hearne, Ollamh Cúnta i bPolasaí Sóisialta, Ollscoil Mhá Nuad / GAIKA, Ealaíontóir ildisciplíneach  / Niamh Regan, Ceoltóir agus amhránaí / Dr Michael Dorsey,  Infheisteoir i bhfuinneamh inmharthanach agus ball den Club of Rome.



Strands

No items found.